Access Keys:

 
 
Saint Helens Jr School, Limetree Ave, Robswalls, Portmarnock, Co. Dublin

Seachtain na Gaeilge

15th Mar 2024


Seachtain na Gaeilge a bhí ann i mí an Mhárta agus céiliúradh iontach a bhí ann dár dteanga agus dár gcultúr! D’eagraigh ár bhfoireann imeachtaí éagsúla i rith na seachtaine ina raibh ceol, cluichí, damhsa, scéalta, agus ár tráth na gceist cáiliúil bliantúil! Cuireadh tús leis an tseachtain le ceolchoirm iontach de cheol traidisiúnta agus thug Momo Productions cuairt orainn a léirigh a dhráma sár-ghreannmhar Trioblóid sa Chaisleán chun taitneamh a bhaint as! Ar Telilfís na Gaeilge - Scoil Naomh Léan, a cuireadh ar líne i rith na seachtaine, léirigh muid ár ngrá don Ghaeilge trí na comhráite, na hamhráin agus na dánta a bhí á gcleachtadh againn sa rang a roinnt. Ghlacamar páirt i seisiún aclaíochta dian le Mr. Jennings trí Ghaeilge agus bhí tionól speisialta againn agus chuir ár múinteoirí dráma craiceáilte de Na Trí Mhuc Bheaga ar siúl do na páistí. Chríochnaigh an tseachtain lenár Lá Glas bliantúil ar an Aoine. Ar an lá seo, bhí paráid againn sa chlós, rinne muid rince agus canadh na hamhráin is fearr linn, agus bhaineamar an-taitneamh as céilí iontach le Rang a hAon - faoi stiúir Ms. Manning. Sílim gur féidir linn go léir aontú gurbh í seo an Seachtain na Gaeilge is fearr a bhí againn riamh! Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!